Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Sarah McCabe (Aonad na hÁise agus an Aigéin Chiúin)

Thosaigh mé ag obair leis an Roinn anuraidh, in Aonad na hÁise agus an Aigéin Chiúin, áit a gclúdaím an Áise Thoir Theas, an Áise Theas, an Astráil agus an Nua-Shéalainn.

Is mór an méid a bhí le déanamh agam ó shin i leith, agus is mór an sult a bhain mé an obair. Ó thaobh na hÉireann, baineann tábhacht níos mó ná riamh le réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin ó thaobh na polaitíochta agus an gheilleagair, rud a fhágann gur gnóthach an rannán muid. I mo cháil mar oifigeach deisce, bím i mo phointe teagmhála d'Ambasáidí áitiúla ón Áise agus ó réigiún an Aigéin Chiúin, agus do mhisin na hÉireann sa réigiún sin. Cuidím le cuairteanna polaitiúla chuig na tíortha atá faoi mo chúram agus uathu, ag obair ar chúrsaí lóistíochta, ag dul i gcomhairle le Ranna agus le gníomhaireachtaí stáit eile agus ag ullmhú seisiúin chuimsitheacha eolais d'oifigigh shinsearacha agus do pholaiteoirí. Ceann de na chéad chúraimí a bhí orm ná cuidiú leis an seisiún faisnéise i gcomhair na Cuairte Stáit a thug an tUachtarán Ó hUigínn ar Vítneam agus Laos mí na Samhna seo caite.

Coinním suas le cúrsaí beartais agus cúrsaí polaitiúla sa réigiún agus tugaim cúnamh maidir leis na Ceisteanna Parlaiminteacha a chuireann Teachtaí Dála isteach faoi chaidreamh na hÉireann le tíortha na hÁise, amhail an seasamh atá againn ar an staid i Maenmar agus i mBurma. I mí Aibreáin, thaistil mé go Singeapór chun páirt a ghlacadh i gcruinniú réigiúnach de chuid na Leas-Cheann Misin i gcomhair na hÁise Thoir Theas, áit ar bhuail mé le hoifigigh a bhí ag fónamh sa réigiún chun tuairimí a chomhroinnt maidir le ceisteanna consalachta, víosa agus riaracháin agus an scéala ba dhéanaí a thabhairt faoin dul chun cinn i dtreo Straitéis nua na hÉireann i leith na hÁise, atá idir lámha faoi láthair.

Bhí go leor deiseanna eile ann lasmuigh den phost lae chun cur le mo thaithí oibre, bualadh le comhghleacaithe den chéad uair agus píosa spraoi a bheith againn. Táim páirteach freisin in Aontas Feidhmiúcháin na Seirbhíse Poiblí, a bhfuil dhá bhrainse de sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Ina theannta sin, ghlac mé páirt sa chlár 'Taidhleoirí sa Seomra Ranga', faoina dtugann baill foirne de chuid na Roinne cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun labhairt leis na daltaí faoin mbeartas eachtrach agus faoi ionad na hÉireann ar domhan.