Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Fintan Coyle (Oifig na bPasanna, Baile Átha Cliath)

Táimse i mo bhall d'Fhoireann Athchóirithe Sheirbhís na bPasanna, atá lonnaithe i Sráid an Mhóta i mBaile Átha Cliath, ó 2013 i leith. Tá pacáiste cuimsitheach athchóirithe á ullmhú againn a bhfuil sé ina aidhm leis freastal ar riachtanais na Seirbhíse Pasanna thar na 10 mbliana atá romhainn. Is iad na príomhchuspóirí atá againn ná bealaí iarratais éagsúla a chur ar fáil do shaoránaigh, slándáil an phas a chinntiú agus tacú leis an bhfoireann maidir le próisis ghnó agus teicneolaíocht nua a chur i bhfeidhm.

Is cúis bhróid dom a bheith ar an bhfoireann a d'fhorbair an chéad chárta pas ar domhan, a tugadh isteach ag deireadh na bliana seo caite. Cé gur cáipéis taistil beag é an cárta sin, bhí dúshláin ollmhóra i gceist leis, ó na gnéithe slándála atá le feiceáil ar an gcárta chuig próiseáil na n-iarratas sa chúloifig. Thugamar aghaidh le meon gairmiúil ar gach dúshlán, mar fhoireann ar breá liom a bheith páirteach inti.

I rith 2016, chuir mé próisis slándála inmheánacha breise i bhfeidhm ar fud Sheirbhís na bPasanna agus leanamar ar aghaidh ag déanamh monatóireacht ar mar a bhí ag éirí leis an gcárta pas. Thug an pobal aiseolas an-dearfach ar fad i leith an chárta. Bhí tabhairt isteach an chórais maidir le seachadadh an chárta pas ina chúnamh mór domsa agus do mo chomhghleacaithe maidir leis an gcéad tionscadal mór eile dár gcuid a phleanáil agus a fhorbairt – is é sin seirbhís athnuachana ar líne do dhaoine fásta a bhí le tabhairt isteach in 2017! Is tábhachtach an rud é cuidiú lenár gcustaiméirí dul isteach sa spás digiteach toisc go gcabhraíonn sé sin an córas a chur in oiriúint don todhchaí agus go gcinntítear leis go bhfaigheann siad an tseirbhís is fearr is féidir uainn. Tá tionscadal á stiúradh agam freisin maidir le hathruithe a dhéanamh ar an gcóras táirgthe san oifig i gcomhthreo leis an tseirbhís athnuachana nua, toisc nach mór an dá phíosa oibre sin a dhéanamh taobh le taobh mar chomhlánú ar a chéile.

Is í an bhliain seo chugainn an bhliain dheireanach agam sa tseirbhís phoiblí agus táim ag tnúth leis an gcéad chaibidil eile den saol. Bhí an t-ádh orm sa Roinn: bhí mé ag obair ar thionscadail an-suimiúil agus tá cairde agam a sheasfaidh liom go deo. Táim cinnte go leanfaidh Foireann Athchóirithe Sheirbhís na bPasanna ar aghaidh i mbun nuálaíochta agus athraithe nuair a bheidh mé imithe, agus guím gach rath orthu.