Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Clare Brosnan (An Ambasáid i Londain)

Toisc Éirí Amach na Cásca agus imeachtaí stairiúla na bliana 1916, céad bliain ó shin, a bheith á gcomóradh againn, ní raibh aon amhras riamh ann gur bhliain ghnóthach ilghnéitheach a bheadh ag foireann na hAmbasáide i Londain in 2016. Bliain spéisiúil a bhí inti ar aon chaoi, ach ba léir gur bhliain as an gnách a bhí inti freisin nuair a dhúisíomar ar an 24ú lá de Mheitheamh – nó i mo chás féin agus a lán daoine eile, d'fhanamar inár suí thar oíche agus an dráma á leanúint againn – tráth a raibh na boscaí ballóide ag dul i dtreo an Bhreatimeachta.

Agus muid ag súil leis an dea-scéal ach ullmhaithe faoi choinne an drochscéil, ní raibh an t-am againn díriú ar an díomá a bhí orainn. Agus muid ag obair i ndlúthpháirt lenár gcomhghleacaithe i mBaile Átha Cliath, chuireamar chun feidhme ár bpleananna teagmhasacha i gcomhair an Bhreatimeachta chun aghaidh a thabhairt ar phríomhábhair imní na hÉireann. Ina theannta sin, thugamar go dúthrachtach díograiseach faoin obair mhór a bhí le déanamh chun líon ollmhór foirmeacha iarratais ar phas a chur ar an bpost – 100,000 foirm!

Agus clár comóraidh na hÉireann 2016 ar bun i gcomhthráth le feachtas an reifrinn faoin Aontas Eorpach, bhí an-deis againn machnamh a dhéanamh faoin gcaidreamh casta a bhí eadrainn féin agus an Ríocht Aontaithe, agus faoin gcaidreamh eadrainn anois agus feasta. Cuireadh 100 imeacht ar bun anseo, agus cuireadh tús agus deireadh leis an mbliain le díospóireachtaí beoga mar chuid de Shraith Léachtaí na hAmbasáide, agus ceiliúradh speisialta i gcomhair na hOíche Cinn Bliana le RTÉ. I measc na mbuaicphointí a chuaigh i bhfeidhm orm féin bhí lá oscailte na hAmbasáide i gcomhair chomóradh 1916, agus amhráin agus roisc a bhainfeadh an anáil díot á gcasadh ag ionaid ón Southbank Centre go Wigmore Hall. Ba mhór an phribhléid i gcónaí é a bheith i mo bhall d'fhoireann Londan i rith na bliana cinniúnaí sin.