Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Brendan Watters (Acmhainní Daonna I)

Ba bhliain an-suimiúil agus an-ghnóthach ar fad í 2016 don fhoireann go léir san Aonad Acmhainní Daonna: d'earcaíomar breis agus 400 ball foirne, idir bhaill foirne bhuana agus bhaill foirne shealadacha.

Ba é an chéad mhórthionscadal ar thug mé faoi in 2016 ná breis is 250 Oifigeach Cléireachais Sealadach a earcú chun cuidiú le próiseáil na n-iarratas ar phasanna in Oifigí na bPasanna i mBaile Brigín, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Londain. Is tábhachtach an rud é na daoine cearta a bheith sna róil sin, agus mar gheall gur éirigh le foirne peile na hÉireann cáiliú i gcomhair Chraobhchomórtas na hEorpa bhí an-chuid pasanna breise le próiseáil ag an bhfoireann!  Tá súil agam gur pasanna 10 mbliana a eisíodh don lucht leanúna go léir ionas nach mbeidh babhta mór eile iarratas againn i gcomhair Mhoscó 2018!

Tháinig athrú mór ar an Aonad Acmhainní Daonna féin le tabhairt isteach Peoplepoint i mí Aibreáin. Bhí an Roinn seo ar cheann de na cinn dheireanacha a ghlac páirt sa chóras sin, mar gheall ar a chasta is atá sé baill foirne a bhainistiú san iomaí tír agus áit éagsúil. Nuair a bhí an t-athrú sin socraithe síos, ghlacamar páirt san Ionad Seirbhísí Comhroinnte Párolla de chuid na Státseirbhíse, lenar tugadh isteach tuilleadh athruithe fós, go háirithe i gcás Rannóg na dTuarastal. Mar thoradh ar thabhairt isteach an dá sheirbhís chomhroinnte sin, bhí gá le roinnt athruithe ar chleachtas oibre an aonaid agus tá roinnt ról a bhíodh faoi chúram díreach an Aonaid Acmhainní Daonna á láimhseáil anois ag Peoplepoint agus ag an Ionad Seirbhísí Comhroinnte Párolla. Athrú i ndiaidh athraithe!

Agus muid ag aistriú chuig seirbhísí comhroinnte, bhí focal nua le cloisteáil i mbéal an phobail – an Breatimeacht. Tá impleachtaí aige sin ar fud na Roinne go léir, ach i gcás mo róil féin, fágann an méadú mór ar líon na n-iarratas ar Chlárú Breithe Coigríche agus ar Phasanna nach mór baill foirne breise a earcú ar fud na Roinne, sa bhaile agus thar lear.

Ceann de na gnéithe is fearr liom den ról seo is ea an deis a bheith agam bualadh le baill foirne nua agus fáilte a chur rompu nuair a thagann siad ag obair sa Roinn, agus ansin súil a choinneáil ar a gconair ghairme ina dhiaidh sin.  Tugtar an deis do gach duine taisteal thar lear, ach tá daoine ann ar fearr leo fanacht sa bhaile, mé féin ina measc. Ní bréag ar bith é go n-imíonn an t-am tharainn go beo san Aonad Acmhainní Daonna, agus murach díograis na foirne agus an tacaíocht den scoth uathu, ní fhéadfaí coinneáil suas leis an bhfaisnéis agus an cúnamh a bhíonn ag teastáil ónár gcomhghleacaithe sa bhaile agus thar lear.