Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Eimear Friel (Rúnaí Príobháideach an Aire)

Ní bréag ar bith é gur fada go ligfear i ndearmad imeachtaí na bliana 2016.  Bhí athrú ó bhonn tagtha ar an domhan faoi dheireadh na bliana sin.  Is pribhléid é tráth ar bith a bheith i mo Rúnaí Príobháideach don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; in 2016 ba phribhléid ar leith é. 

Thosaigh an bhliain le téama an chuimhneacháin.  I dtús mhí Eanáir, bhí mise ar an eitleán go Nua-Eabhrac, áit a raibh an tAire chun clár cuimhneacháin Domhanda agus Diaspóra 2016 a sheoladh.  Bhíomar thar a bheith bródúil as an aistear fada a bhí curtha dínn ag an náisiún seo le céad bliain anuas.  Bhí na hócáidí cuimhneacháin fite fuaite tríd an mbliain.  Tá mo dhóthain searmanas fleascanna feicthe agam go bhféadfainn an lámhleabhar a scríobh faoi na rudaí a d'fhéadfadh tuisle a bhaint as duine – ná caithigí sála ard!  Agus táim beagnach cinnte go bhféadfainn a bheith i mo bhall den Armbhanna agus leagan leathréasúnta d'Amhrán na bhFiann a sheinm. 

Ansin, nuair a dhúisíomar maidin an 24 Meitheamh, nach raibh na comharsana is gaire dúinn tar éis vótáil ar son athrú a mbeadh tionchar ollmhór aige ar Éirinn:  an Breatimeacht.  Cuireadh dlús faoi gach uile shórt gníomhaíochta agus cuireadh tuilleadh coinní fós le clár na nAirí.  Leag an Rialtas síos go raibh sé ina thosaíocht aige leasanna na hÉireann a chosaint, a mhéad a d'fhéadfaí é, ar thionchar an Bhreatimeachta. Is mór an méid a d'fhoghlaim mé agus mé gar don fhreagairt ar an gcinneadh sin agus i mo chuid bheag di, agus chuaigh an ról sin go croí ionam. 

Ach leanadh le gnáthghnóthaí na Roinne freisin.  Bhí na ceisteanna consalachta agus na ceisteanna faoi phasanna fós ag teacht isteach.  Bhí na cuairteanna rialta ar Bhéal Feirste, Ard Mhacha, agus Doire agus na cuairteanna míosúla ar an mBruiséil nó Lucsamburg i gcomhair chruinnithe na Comhairle um Ghnóthaí Eachtracha fós sa dialann.  De réir mar a chuireamar le liosta na gceann scríbe, idir iadsan atá gar dúinn – Londain, Páras, Beirlín, an Bhratasláiv, Strasbourg – agus áiteanna i bhfad i gcéin – an Mhongóil, Béising, Vítneam, Riyadh, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha – d'fhoghlaim mé conas pacáil go tapa agus a bheith ag obair liom ar an mbealach. 

Tá cúpla cuimhne chinn a sheasann amach i m'intinn: ag breathnú ar an Uachtarán Obama ag glacadh leis an mbabhla cáiliúil seamróige; ag siúl síos 5th Avenue ar Lá Fhéile Pádraig; ag tuirlingt chuig Riyadh agus fásach le feiceáil romham nach bhfaca mé a leithéid riamh roimhe sin; cuairt ar ár dtrúpaí in Arda Golan; a bheith i mo shuí i yurt sa Mhongóil; agus dúiseacht maidin amháin agus iarracht ar coup ar bun sa Tuirc a d'fhágfadh go ndéanfaí muid a atreorú gan choinne go Béising. 

Ach is é an rud is mó a fhanfaidh i mo chuimhne ó 2016 ná na comhghleacaithe iontacha a mbímid ag obair leo ar fud na cruinne, a bhfuil dúthracht den chéad scoth acu i leith na hÉireann agus ár ról féin, agus an meas mór ar scála na hoibre a bhíonn ar bun sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála lá i ndiaidh lae.