Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Jim Hennessy (An Ambasáid i Ríge)

Mar atá amhlaidh i roinnt Ambasáidí de chuid na hÉireann, clúdaíonn taidhleoir amháin réimse oibre iomlán an Mhisin maidir le caidreamh trádála agus caidreamh déthaobhach. 

Fanfaidh an bhliain 2016 inár gcuimhne anseo i Ríge mar gheall go ndeachaigh scéal 1916 go mór i bhfeidhm orainn. Bhí an tréimhse sin ina phointe cinniúnach i stair na Laitvia freisin. Tar éis réabhlóid na Rúise, leath athruithe ar fud na Stát Baltach agus d'fhógair an Laitvia a neamhspleáchas in 1918.

Tá cuspóirí soiléire leagtha amach ag an Aire san Athbhreithniú ar an mBeartas Eachtrach, 'An tOileán Domhanda' agus i Ráiteas Straitéise na Roinne. Toisc go bhfuil teorainn lenár n-acmhainní, ní mór dúinn ár gcuspóirí a chur in ord tosaíochta go cúramach.

Faighimid treo an-mhionsonraithe ó Bhaile Átha Cliath trí fhíschomhdháil rialta a bheith againn leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadas ionas gur léir dúinn cad air nach mór dúinn a bheith ag díriú maidir le clár oibre an Aontais Eorpaigh agus i réimse na Trádála. Bímid i dteagmháil go rialta le Fiontraíocht Éireann, le Turasóireacht Éireann agus leis an mBord Bia chun faisnéis a chomhroinnt agus cuidiú le gnólachtaí Éireannacha.

Creidim féin gur cuireadh go mór leis an tionchar a imrímid de bharr na céime a glacadh le déanaí i dtaobh na hambasáidí sa réigiún seo a eagrú ina nGrúpa Ambasáidí Baltacha agus Nordacha. Níl ach aon duine dhéag d'Éireannaigh san iomlán sna seacht Misean bheaga dár gcuid ach measaim go bhfuil próifíl láidir á cothú againn i dTuaisceart na hEorpa trí chomhthiomsú a dhéanamh ar an eolas a bhailímid, ar ár gcuid leideanna gnó agus ar ár gcuid smaointe. Agus an chaibidlíocht faoin mBreatimeacht faoi lán seoil, ní mór dúinn caidreamh nua a chothú agus ár dteachtaireacht a chur in iúl go forleathan.

Táimid ag cur go mór leis an úsáid a bhainimid as na meáin shóisialta, agus le cabhair ónár bhfoireann ilteangach anseo, bíonn an triúr ball foirne dár gcuid i Ríge i mbun cumarsáide i mBéarla, i nGaeilge, sa Laitvis agus sa Rúisis.