Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Colin Wrafter (Chuaigh ar scor in 2016)

Chuaigh mé ar scor in 2016 tar éis dom a bheith ag obair i Seirbhís Coigríche na hÉireann ó 1978. Bhí an-spéis agam i ngnóthaí idirnáisiúnta agus i dteacht chun cinn na hÉireann mar ghníomhaire ar stáitse an domhain, agus dá bhrí sin bhí áthas orm fónamh ar son mo thíre i ngairm dá raibh mé lántiomanta.

I mBuenos Aires in 1981, chuir mé le chéile liosta de chuspóirí na hAmbasáide; ba é an chéad cheann díobh siúd monatóireacht a dhéanamh ar an staid maidir le hOileáin Fháclainne/Las Malvinas. Bliain ina dhiaidh sin, thug an Airgintín faoi ionradh inar maraíodh a lán daoine, rud a léiríonn gur féidir torthaí uafásacha a bheith ar theipeanna taidhleoireachta.

Tá saol na taidhleoireachta athraithe. Ní bhíodh mórán faisnéise againn tráth chun an obair a bhunú uirthi; sa lá atá inniu ann is ró-ualach faisnéise a bhíonn le bainistiú ag mo chomhghleacaithe, ach is an bunchúram céanna atá i gceist go fóill: cuidiú leis an Rialtas a bhealach a dhéanamh sa réimse idirnáisiúnta, ag cur chun cinn na síochána, dhínit an duine agus an rathúnais ar oileán na hÉireann agus thar lear.

Bhí mo phost deiridh mar stiúrthóir ar an Aonad um Chearta an Duine, agus thaitin an obair sin go mór liom. Dá mbeinn fós sa Roinn, ba bhreá liom a bheith ag obair ar an mBreatimeacht, an tasc is dúshlánaí agus is casta a bhí le déanamh ag lucht taidhleoireachta na hÉireann le blianta fada anuas. Gúim gach rath ar mo chomhghleacaithe, agus tá a fhios agam go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh go cumasach díograiseach ar na dúshláin mhóra atá i gceist.