Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Brian Glynn (An Ambasáid i mBrasília)

Bliain arbh ea 2016 d'Éirinn a fhanfaidh buan inár gcuimhne sa Bhrasaíl. Bhí áthas orm a bheith páirteach le comhghleacaithe liom i gclár fairsing imeachtaí Éire 2016 chun comóradh a dhéanamh ar shaol iontach agus bás brónach Ruairí Mhic Easmainn, a bhí ina Chonsal de chuid na Breataine sa Bhrasaíl, go luath san fhichiú haois.

I dteannta lenár gcomhghleacaithe san Ard-Chonsalacht in São Paulo, bhí baint againn le himeachtaí i gcathracha ar fud na Brasaíle agus, mar bhuaicphointe, seimineár ardphróifíle ar shaol Mhic Easmainn agus ar an obair a rinne sé i leith chearta an duine, a bhí ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig i mBrasília. Tháinig tocht orm féin ar an 3 Lúnasa, nuair a leag mé fleasc ag ár gConsalacht shealadach in Rio de Janeiro lena chomóradh go raibh céad bliain caite ó cuireadh Ruairí Mac Easmainn chun báis. Sin í an chathair chéanna ina raibh sé féin ina Ard-Chonsal. (https://twitter.com/IrlEmbBrazil/status/760841935565295619)

Aistríodh foireann na hAmbasáide agus na hArd-Chonsalachta in São Paulo go sealadach chuig Rio de Janeiro le linn na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Parailimpeacha. Chuireamar Consalacht shealadach ar bun ansin chun tacaíocht a thabhairt do na lúthchleasaithe, dá dteaghlaigh agus don lucht tacaíochta a sheas go huasal le hÉirinn le linn na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha. Cé nach furasta buaicphointí a roghnú ón tréimhse sin, cuimhneoidh mé go deo ar iarrachtaí dúthrachtacha díograiseacha na lúthchleasaithe Oilimpeacha a bhain amach an oiread curiarrachtaí náisiúnta. Is fada buan i mo chuimhne a mhairfidh croíúlacht, cairdiúlacht, agus díograis na lúthchleasaithe Parailimpeacha, agus a mheáite a bhí siad ina gcuid iarrachtaí.